Menu
Treoirlínte chomórtais Chath na mBannaí:
- Beidh “Cath na mBannaí” ar siúl ag féile “Dorn San Aer 2026” ar ardán speisialta in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche i nGaoth Dobhair ar an tSatharn 26 Meán Fómhair, 2026. Beidh sé ar siúl idir 3-8pm.
- Cuirigí an 3 phíosa ceoil is fearr atá agaibh inár láthair ar an stáitse … tá muid sa tóir ar na bannaí úra ceoil Gaeilge is fearr sa tír mar sin beidh béim ar an Ghaeilge sa chomórtas seo. Don chomórtas, ba cheart go seinnfeadh an grúpa/ceoltóir:
- Trí phíosa ceoil ina mbeidh ar a laghad amhrán amháin le liricí Gaeilge ina measc.
- Tugtar tús áite d’amhráin Gaeilge ach is féidir le dhá phíosa a bheith ina bpíosaí ceoil uirlise.
- Ní cheadaítear amhráin Bhéarla don chomórtas seo.
- Cuirfear fáilte mhór roimh cheol nuálach nuachumtha ach is féidir libh leaganacha nó aistriúcháin d’amhráin eile a chum daoine eile a cheol agus a sheinm chomh maith.
- Fáilteofar roimh gach stíl cheoil, ar a n-áirítear rac, pop, hip hap, miotal an bháis, snagcheol, ceol na ndaoine, reggae, func, ska, traidtreonaice, leictreonaice agus araile.
- Beidh teicneoir fuaime i láthair agus córas fuaime ar fáil. Beidh 2 x aimplitheoir giotáir agus 1 x aimplitheoir dordghiotáir ar fáil, chomh maith le méarchlár Roland FA 08, seit drumaí agus 3 mhic. Insígí dúinn san fhoirm iontrála má bíonn riachtanais bhreise agaibh.
- Is féidir le gach grúpa a dtrealamh féin a bheith leo agus beidh orthu a dtrealamh a fheistiú agus a thógáil den ardán ag deireadh an tseit. Socróidh gach banna a gcuid cúrsaí fuaime féin i gcomhar leis an teicneoir fuaime.
- Is ar bhannaí agus ar cheoltóirí úra atá Cath na mBannaí dírithe agus ní ghlacfar le bannaí a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu, atá faoi chonradh, nó a bhfuil albam eisithe acu cheana féin le comhlacht ceoil proifisiúnta.
- Beidh ar gach grúpa a gcuid socruithe taistil féin (agus lóistín, más gá) a shocrú mar aon lena gcuid costais féin.
- Má bhíonn baill den ghrúpa faoi 18 mbliana d’aois beidh orthu a bheith faoi chúram tuismitheora, caomhnóra nó múinteora.
- Beidh an focal deireanach ag na moltóirí!
Moltóireacht
Mar threoir ghinearálta do ghrúpaí agus do cheoltóirí:
Beidh moltóireacht á déanamh ar na gnéithe a leanas:
- Mar a théann an grúpa nó an ceoltóir i bhfeidhm ar an lucht éisteachta lena gceol agus á gcur i láthair.
- Cé acu amhráin nuachumtha nó leaganacha d’amhráin choitianta a chuirtear i láthair.
- Struchtúr agus leagan amach na n-amhrán – intreoir, lár, curfá agus deireadh an amhráin.
- Cumas uirlise & amhránaíochta, cóiriú agus cur i láthair na mball go léir
- Coinneáil ama.
- Nuálaíocht.
- Cumas agus éifeachtacht theicniúil; mar shampla, feistiú trealaimh, cóiriú fuaime, srl.
- Éifeacht i gcoitinne, mar shampla, aischothú ón lucht éisteachta, féiniúlacht agus íomhá an ghrúpa, srl.
Duaischiste
- An Buaiteoir: €2,000
- An Dara hÁit: €500
- An Tríú hÁit: €300
Tá síniú ama tugtha do hiarratais, is féidir clárú go dtí an 24ú Meán Fómhar 2026. Is féidir an fhoirm chlárúcháin atá ar an tsuíomh seo a líonadh isteach nó ríomhphost a chur chuig cath@dornsanaer.ie
Nóta: I gcás go bhfuil líon ard iomaitheoirí ag clárú, d’fhéadfadh lucht eagraithe Dhorn San Aer tuilleadh eolais tacaíochta a lorg – i bhfoirm píosa físe nó taifeadadh fuaime, agus déanfar gearrliostáil bunaithe ar na gnéithe sin.
Ádh mór!