Skip to content
Rónán Mac Aodha Bhuí, Ard Rí an Chiorcail Chraiceáilte

I bhfocail Rónáin féin, in agallamh a rinne sé le Ceangal-G:

“Is Gaeil sinne. Tá muid dáiríre fánár dteanga agus ár gcultúr a chaomhnú agus a choinneáil beo ach tá muid tugtha de phléisiúir an tsaoil fosta. Is maith linn ceiliúradh a dhéanamh ar ár nGaelachas chomh minic agus is féidir. Níl a dhath cosúil leis an mhothú a bhíonn ann nuair a bhíonn scaifte Gaeil le chéile, ag ceol, is ag damhsa, is ag cur ár ngrá in iúl dá chéile.

Bliain is fiche ó shin, bhunaigh mé féin agus cairde liom an Ciorcal Craiceáilte le ceol agus siamsaíocht a chur ar fáil i nGaeilge agus le saol sóisialta d’ardchaighdeán a chur ar fáil do Ghaeil óga sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Bhunaigh muid club sóisialta uair sa tseachtain i mBaile Átha Cliath i 1993 agus d’eagraigh muid Féilte Craiceáilte i Ráth Chairn, Contae na Mí, ar an Spidéal i gConamara, Oileán Thoraigh agus Gaoth Dobhair.

Le seacht mbliana anuas, tá Cabaret Craiceáilte againn uair sa mhí Tigh Hiúdaí i nGaoth Dobhair agus téann muid ag taisteal leis chuig féilte éagsúla ar fud na tíre fosta, féilte cosúil le Electric Picnic, Oireachtas na Gaeilge, Scoil Mhic Reachtain i mBéal Feirste, Oireachtas Cois Fharraige agus go leor eile.

Cuireann an Chabaret Craiceáilte ardán ar fáil do cheoltóirí úra na Gaeilge agus ceoltóirí seanbhunaithe na Gaeilge. Bíonn béim ar cheol nua-aimseartha, rac-cheol, ceol leictreonach, rap, reggae, ska, a leithéid sin, ach bíonn na grúpaí traidisiúnta is fearr agus na hamhránaithe agus damhsóirí sean-nóis is fearr againn fosta, chomh maith le ceol i dteangacha eile as tíortha eile. Cuireann grúpaí, a chanann i mBéarla de ghnáth, seit iomlán le chéile i nGaeilge le deis a fháil seinm ag an Chabaret fosta.

Spreagann muid grúpaí agus ceoltóirí úra Gaeilge fosta agus cuireann muid ardán ar fáil daofa ag an Chabaret i nGaoth Dobhair agus ag na féilte éagsúla a théann muid acu. Eagraítear níos mó ná fiche Cabaret Craiceáilte in aghaidh na bliana agus bíonn thart ar chúig nó sé ghrúpa ag seinm ag achan uile Chabaret. Tá achan rud eagraithe ar bhun deonach agus ansin íoctar na ceoltóirí agus duine ar bith eile a bhíonn ag plé leis go gairmiúil.

Sé an phríomhaidhm a bhí agamsa nuair a thoisigh an rud uilig amach i 1993, agus atá agam go fóill, nó go mbeadh tionscail láidir ceoil Gaeilge ann, go mbeadh grúpaí úra ag teacht chun tosaigh, ag cumadh ceol úr ag cur ceirníní amach, ceirníní Gaeilge amach, agus go mbeadh áiteacha acu, le hardán a chur ar fáil daofa, agus go mbeadh siad ábalta a gcuid ceoil a sheinm i nGaoth Dobhair agus áiteacha eile ar fud na tíre.

Creidim gur chóir go mbeadh féile nó dhó dár gcuid féin againn a léiríonn an ghluaiseacht úr atá ag teacht chun tosaigh: Réabhlóid Cheoil na Gaeilge, réabhlóid atá níos óige agus dalba ina dhearcadh. Creidim gur chóir lipéid ceirníní nó dhó a bheith ann, go mbeadh áisíneacht ceoil ann agus go mbeadh Racadamh na Gaeilge ann, sé sin, acadamh ceoil do cheoltóirí óga a bhfuil suim acu sa Ghaeilge le hiad a oiliúint le bheith ina sárcheoltóirí agus cumadóirí amhráin agus réaltaí ilmheáin agus idirlín. Creidim go láidir go dtabharfadh a leithéid d’fhiontar an spreagadh agus an mhuinín don ghlúin atá ag teacht chun tosaigh leis an Ghaeilge a úsáid ina gcuid ceoil agus saothair eile.

Tógann sé mo chroí go bhfuil oiread grúpaí ceoil úra agus ceoltóirí úra ag teacht chun tosaigh mar chuid de réabhlóid an cheoil; leithéidí Boss Sound Manifesto, Tuath, Emma Ní Fhuaruisce, Shane Hennessy, Enda O’Reilly, Mo Hat Mo Gheansaí, Blunderbrau, Scannal, Rís. Dirty Nines, tá ceol úr ar fáil i nGaeilge, tá amhráin úra á gcumadh agus tá daoine ar fud an domhain ag éisteacht leis na hamhráin úra agus ag santú níos mó.

Chan amháin sin, tá Seo Linn agus Coláiste Lurgain, TG Lurgain, tréis físeáin agus popcheol i nGaeilge a thabhairt go dtí leibhéal eile, ag mealladh na milliúin chun éisteacht le leaganacha Gaeilge d’amhráin mhóra as na cairteacha.

Domhsa, thoisigh sé amach le Clannad agus Scara Brae sna 70óidí agus iad ag cur cuma úr nua-aimseartha ar na sean-amhráin traidisiúnta as Gaeltacht Thír Chonaill agus ansin chuala mé leithéidí Tŷ Bach agus Barry Ronan agus na Fíréin agus a leithéidí sin sna 80óidí agus fuair mé blaiseadh den cheol, den réabhlóid cheoil, a bhí ag gabháil ar aghaidh ins an Bhreatain Bheag nuair a bhí mé ag an Eisteddfod sna h80óidí fosta, agus na rudaí sin uilig, spreag siad go mór mé.

Ansin bhog mé go Baile Átha Cliath, chuir mé aithne ar Kíla, a bhí ag cruthú stíl ceoil úr a bhí fréamhaithe sa traidisiún, gan trácht ar Bréag as Gaeltacht Bhéal Feirste atá beo leo go fóill agus atá ar cheann de na grúpaí ceoil beo is fearr a fheiceas tú a choíche.

Ar an drochuair, ní chluinfidh tú mórán de na ceoltóirí atá luaite agam ar na stáisiúin raidió náisiúnta nó tráchtála eile sa tír ach cluinfidh tú iad ar stáisiúin náisiúnta na nGael, Raidió na Gaeltachta, cluinfidh tú iad ar Raidió Fáilte agus ar Raidió na Life.

Tá rudaí móra ag tarlú ar fud na tíre, abair tá Puball na Gaeilge thíos ag an Electric Picnic achan bhliain, tá an G-Spota i mBéal Feirste agus i nGaillimh anois, tá club úr i mBaile Átha Cliath, Club Fonn, tá siad ag bunadh club úr i gCorcaigh.

Gluaiseacht atá ann seo atá ag gabháil ó neart go neart ar fud na tíre – cha dtig muid a stopadh anois.

So, ar aghaidh linn le chéile ar bhóthar na réabhlóide!

Dorn San Aer do na Gaeil!”

                                 – Rónán Mac Aodha Bhuí in agallamh le Ceangal-G, 2014

"Ní thiocfadh linn é seo a dhéanamh gan fear amháin, cara mór linn, a thug an chéad gig ariamh dúinn i dteach Hiúdaí Beag, Rónán Mac Aodha Bhuí ... an chéad duine a chreid go mbeadh muid ábalta gig a dhéanamh!"

"I mbeagán focal, ba laoch i measc na nGael é."

"Bhí Rónán dána, lán diabhlaíochta ar an aer, ag lúbadh na rialacha agus ag cothú craic de shíor ... bhí muid uilig sexyáilte ag Rónán."

"Ní hé amháin gur duine speisialta a bhí i Rónán Mac Aodha Bhuí ach, ina chuideachta, d’aireofá féin speisialta."

Rónán radacach ag múineadh agus ag gríosú an chuid eile againn le Dónall Ó Cnáimhsí

Chuir mé aithne ar dtús báire air i bPobalscoil Ghaoth Dobhair sna luath-ochtóidí, is minic a thiocfá trasna ar Rónán sna leithris le linn am ranga ag caitheamh toitín síochánta. Rónán an reibiliúnach ag briseadh na rialacha nó ag tabhairt a ndúshlán. Rónán radacach lena chuid t-léinte Ché Guvara agus Bobby Sands ag múineadh agus ag gríosú an chuid eile againn.

Is ar an raidió CB a fuair Rónán a chéad bhlaiseadh den chraoladh.

“Breaker breaker for a copy, Hot Dog here and the Viking, Devil Woman and the Mad Mechanic, rolling on the main drag looking for seat covers for good company.”

Bhí nós ag leads Ghaoth Dobhair ag an am na CBs a bheith sna carranna acu mar a bhí ag na Divers, comharsana Rónáin.

Go Baile Cliath ansin a thug Rónán a aghaidh i ndiaidh na scoile agus cúrsa iriseoireachta. Scríobh sé altanna do nuachtáin Ghaeilge agus fuair sé taithí chraoltóireachta ar stáisiún bradach. Is san ardchathair a d’fhás agus d’fhorbair Rónán, chás sé le daoine óga eile leis an mheon agus an dearcadh céanna acu i dtaca le hathghabháil thodhchaí na Gaeilge ó na húdaráis, nárbh fhéidir brath orthu. Chuir an tír ar fad aithne air sa tsraith iontach ‘Scaoil Amach an Bobailín’ – Rónán ar an scáileán náisiúnta in éineacht le SBB, agus é lán de spórt is spraoi ag cur fuinneamh agus beocht faoin teanga agus ag cruthú íomha nua don chultúr.

Is é an Club ar 6 Sráid Fhearchair a bhí mar cheanncheathrú ag na Gaeil óga a mheall Rónán chuige. Is ansin oíche amháin tar éis an cheoil agus na ragaireachta a bhunaigh Rónán agus a chairde ‘An Ciorcal Craiceáilte’, agus an aidhm a bhí acu ná ‘sult agus pléisiúr a bhaint as an tsaol úr Gaelach.’ Tugadh cuireadh do Ghaeil óga bheo bhríomhara a bheith páirteach sa ghluaiseacht spleodrach seo. ‘An bhfuil tusa craiceáilte go leor don chiorcal?’ a chuir sé ar na póstaeir. Agus d’fhreagair go leor an glaoch, oícheanta sóisialta sa Chlub ar dtús báire ach an ghlóirmhian rud éigin mór a dhéanamh a tharraingeodh aird agus a spreagfadh daoine le bheith páirteach.

Féile Chraicáilte a bhí de dhíth agus sin a rud a eagraíodh i Ráth Cairn in earrach ’93. Deireadh seachtaine de cheoil agus spraoi trí Ghaeilge do dhaoine óga. Agus tháinig siad ina sluaite ó chian agus cóngar le éisteacht le grúpaí spleodracha mar Kíla agus Bréag agus Hyperborea agus taispeántas anghrách leis na Chippengaels agus go leor eile. Agus bhí an tArdrí é féin ina lár mar fhear an tí – ‘ól ceol agus ragairne’, mar a deireadh sé féin. Rinneadh féilte eile a eagrú sna blianta ina dhiaidh sin, ar ais go Ráth Cairn, siar chuig an Spidéal, go Béal Feirste, Gaoth Dobhair agus isteach go hOileán Thoraí.

D’fhill Rónán ‘na bhaile ansin agus post mar clár reachtaire ar Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga, bhíodh sé ag leamh na nuachta agus ag léiriú ach is leis an chlár ‘Ar Chúl an Tí’ is mó a thuill sé clú. É féin agus Hughie ‘McGroovey’, buachaillí dána RnaG agus ansin le Rónán Beo ar feadh na mblianta, thug sé i gcónaí ardán do dhaoine a mheas sé a raibh cos ar bolg á déanamh orthu, muintir Thoraí, pobal Ros Dumhach, bhí dámh aige le Cúba agus le Tír na mBascach: sheinn sé a gcuid ceoil agus chuir a gcás os comhair an phobail. ‘Goitsigí caballeros’, beidh craic againn.

Chuir sé tús leis an ‘Caberet Craicailte Tigh Hiúdaí Bhig, a cheanncheathrú nua. A leithéid d’oícheanta, ní fhaca an Ghaeltcht ariamh . Bhíodh gach cineál ceoil agus geáitsíochta le feiceáil ar an ardán, gan aon fhocal Béarla le cluinstin. ‘Dorn san aer do na Gaeil’ an mana nua.

I dtráth an ama cheánna thabharfadh cuireadh do an cláir raidió a craoladh beo ag Oireachtas na Gaeilge, agus rinne sé sin go fonnmhar bliain i ndiadh bliana ón fháiltiú in cibé óstán a bhí ag óstáil na féile. Rónán beo ar an aer ag cur fáilte chroíúil roimh na Gaeil ar fad a bhí tagtha don deireadh seachtaine. ‘Goitsigí , can amhrán nó seinn port’, taispeánfaidh muid don saol mór go bhfuil muidne na Gaeil beo beithíoch.

Sin, thar aon ní eile, misean saoil Rónáin Mhic Aodha Bhuí. Bhí sé fadradharcach, ceannródaíoch, spreagúil, fuinniúil, lán de ghrinn agus de dhiabhlaíocht, ach cara dílis i gcónaí.

Tá mé cinnte go luífidh na foide go héadrom ar a chorp uasal Gaelach i Machaire Gathlán, mar go ndearna sé a chuid féin agus tuilleadh ar mhaithe le spiorad na nGael a thógail. Is againne atá sé anois an spiorad sin a choinneáil beo.

Fág faoi Rónán é le Seán Tadhg Ó Gairbhí

Nuair a bhí an fear grinn Des Bishop ag foghlaim Gaeilge i gConamara dá chlár teilifíse “In the Name of the Fada”, bhuaileadh sé isteach go dtí oifig an nuachtáin Foinse. An lá áirithe seo bhí sé ag imeacht ó thuaidh chun míreanna a thaifeadadh i nDún na nGall agus é fiosrach faoi cad a bheadh roimhe. Rónán Mac Aodha Bhuí a bheadh ag tabhairt aire dó, a dúirt sé. Gheallas dó go mbeadh deireadh seachtaine aige ná déanfadh sé dearmad air go ceann i bhfad. Tháinig Des thar n-ais go dtí an oifig an tseachtain dár gcionn chun insint dom conas a bhí aige. “Man, you were right!” a dúirt sé. “It was like three AM in Tigh Hiúdaí Beag and I had to place my hand on a copy of the ‘Buntús Cainte’ to get sworn into the Surreal IRA.” Fág faoi Rónán é. Eachtra bheag i measc na mílte a léiríonn acmhainn grinn, samhlaíocht dhiamhair, géarchúis, rógaireacht agus dánaíocht an chraoltóra Gaeilge is cumasaí lena linn.

Stócach deisbhéalach dalba le Tomaí Ó Conghaile

Níl léamh ná scríobh ná insint béil ar an tionchar atá imeartha ag Rónán ar phobal ár dteanga i gcaitheamh na mblianta. Mar chraoltóir, mar láithreoir, mar ghníomhaí, mar eagraí imeachtaí, mar thacadóir ceoil, mar spreagthóir slua, mar chara … tá sé i ndiaidh dul i bhfeidhm ar gach duine againn ar bhealach cumhachtach spleodrach agus tá muid go mór faoi chomaoin aige dá réir. Is cuimhin liom castáil leis an stócach deisbhéalach dalba ar dtús agus mé ar ollscoil i mBaile Átha Cliath breis agus 20 bliain ó shin. Is ag freastal ar ghig Ghaeilge sa chathair a bhí muid ag an am agus chuaigh a spiorad dearfach tógálach i gcion orm láithreach. Is iomaí ceolchoirm, léirsiú teanga, clár raidió agus oíche go maidin a chaith muid le chéile ó shin, agus níor mhaolaigh ar an spiorad céanna riamh. Nuair a rith sé liom dornán blianta ina dhiaidh sin go raibh géarghá le hiris chultúir i nGaeilge ina bpléifí suimeanna coitianta an tsaoil ar dhóigh tharraingteach chomhaimseartha, thuig Rónán an coincheap ar an toirt agus is mór an tacaíocht a thug sé do NÓS ó na luathbhlianta sin ar aghaidh, mar scríbhneoir agus mar léitheoir. Is alt spreagúil ar shaol ceoil na Breatnaise a scríobh sé don chéad eagrán den iris in 2008, rud ar léiriú maith é ar a dhearcadh idirnáisiúnta.