Cath na mBannaí

Cath na mBannaí

Comórtas Ceoil Beo

An bhfuil tú i do réabhlóidí ceoil? An bhfuil tú i mbanna ceoil nó an ceoltóir thú? Cuir isteach ar chomórtas Chath na mBannaí mar chuid d'Fhéile Dhorn San Aer.

Tá muid sa tóir ar ghrúpaí úra réabhlóideacha ceoil nó ar cheoltóirí úra spleodracha – an bhfuil tusa nó do ghrúpa ag cuartú ardáin agus seans le €2,000 a bhaint - chomh maith le haitheantas a fháil agus do cheol a chluinstin ar an raidió?

Comórtas úr ceoil bheo é seo atá foscailte do ghrúpaí agus do cheoltóirí nuálacha a bhfuil rud éigin le rá acu. Agus tá duaiseanna móra le baint aige:

An chéad áit: €2,000
An dara háit: €500
An tríú háit: €300

An sibh an chéad Kíla, IMLÉKneecap eile? Nó ar mhian libh rud éigin iomlán nua a dhéanamh? Seo é bhur seans – tá an t-ardán réidh agus tá muid ag tnúth le sibh a chloisteáil!

Cuirigí isteach ar Chath na mBannaí. Líonaigí isteach an fhoirm seo thíos le hiontráil (tá sé saor in aisce) agus beidh muid i dteagmháil libh go luath…

Treoirlínte:

  1. Beidh ardán “Cath na mBannaí” ag féile Dhorn San Aer ar siúl in Ionad Cois Locha i nDún Lúiche i nGaoth Dobhair ar an tSatharn 28 Meán Fómhair 2024. Beidh sé ar siúl idir 3-8pm. (Amanna le cinntiú.)
  2. Cuirigí na 3 píosaí is fearr ceoil atá agaibh inár láthair ar an stáitse - scaoiligí amach an Bobailín agus cuirigí an slua ag luascadh le hamhráin bhreátha Ghaelacha a bhfuil croí agus spiorad iontu..
    1. Ar a laghad amhrán amháin le liricí Gaeilge.
    2. D'fhéadfadh dhá phíosa a bheith mar cheol uirlise.
  3. Cuirfear fáilte mhór roimh cheol nuálach nuachumtha ach is féidir libh leaganacha nó aistriúcháin d'amhráin a chum daoine eile a cheol agus a sheinm chomh maith.
  4. Fáilteofar roimh gach stíl cheoil, ar a n-áirítear rac, pop, hip hap, miotal an bháis, snagcheol, ceol na ndaoine, reggae, func, ska, traidtreonaice, leictreonaice agus araile.
  5. Beidh teicneoir fuaime i láthair agus córas fuaime ar fáil. Beidh 2 x aimplitheoir giotáir agus 1 x aimplitheoir dordghiotáir ar fáil, chomh maith le méarchlár Roland FA 08, seit drumaí agus 3 mhic. Insígí dúinn san fhoirm iontrála má bíonn riachtanais bhreise agaibh.
  6. Is féidir le gach grúpa a dtrealamh féin a bheith leo agus beidh orthu a dtrealamh a fheistiú agus a thógáil den ardán ag deireadh an tseit. Socróidh gach banna a gcuid cúrsaí fuaime féin i gcomhar leis an teicneoir fuaime.
  7. Is ar bhannaí agus ar cheoltóirí úra atá Cath na mBannaí dírithe agus ní ghlacfar le bannaí a bhfuil clú agus cáil bainte amach acu, atá faoi chonradh, nó a bhfuil albam eisithe acu cheana féin.
  8. Beidh ar gach grúpa a gcuid socruithe taistil féin (agus lóistín, más gá) a shocrú mar aon lena gcuid costas féin uilig a clúdú.
  9. Má bhíonn baill den ghrúpa faoi 18 mbliana d'aois beidh orthu a bheith faoi chúram tuismitheora, caomhnóra nó múinteora.
  10. Beidh an focal deireanach ag na moltóirí!

Moltóireacht

Mar threoir ghinearálta do ghrúpaí agus do cheoltóirí:

Beidh moltóireacht á déanamh ar na gnéithe a leanas:

  1. Mar a théann an grúpa nó an ceoltóir i bhfeidhm ar an lucht éisteachta - lasaigí an t-aer mar sin!
  2. Más amhráin nuachumtha nó leaganacha d'amhráin choitianta a chuirtear i láthair
  3. Struchtúr agus leagan amach na n-amhrán – intreoir, lár, curfá agus deireadh an amhráin
  4. Cumas uirlise & amhránaíochta, cóiriú agus cur i láthair na mball go léir
  5. Coinneáil ama
  6. Nuálaíocht
  7. Cumas agus éifeachtacht theicniúil; mar shampla, feistiú trealaimh, cóiriú fuaime, srl.
  8. Éifeacht i gcoitinne, mar shampla, aischothú ón lucht éisteachta, féiniúlacht agus íomhá an ghrúpa, srl.

Duaischiste

  • An Buaiteoir: €2,000
  • An Dara hÁit: €500
  • An Tríú hÁit: €300

Iarratais le bheith istigh roimh 20 Meán Fómhar 2024. Is féidir an fhoirm chlárúcháin atá ar an tsuíomh seo a líonadh isteach nó ríomhphost a chur chuig cath@dornsanaer.ie

Nóta: I gcás go bhfuil líon ard iomaitheoirí ag clárú, d'fhéadfadh lucht eagraithe Dhorn San Aer tuilleadh eolais tacaíochta a lorg – i bhfoirm píosa físe nó taifeadadh fuaime, agus déanfar gearrliostáil bunaithe air seo.

Urraitheoirí na Féile