
CATH na mBANNAÍ
Gach eolas anseo faoi Chath na mBannaí
Comórtas ardáin na mbannaí ceoil 2025 – le duaiseanna móra.
***Síniú ama tugtha – cláraigh roimh 25ú MF***
Is féidir clárú don chomórtas ar an fhoirm iontrála anseo thíos…
An réabhlóidí ceoil thú?
An bhfuil tú i mbanna ceoil nó an ceoltóir thú?
Tá muid sa tóir ar ghrúpaí agus ar cheoltóirí réabhlóideacha úra – an bhfuil tusa nó do ghrúpa ag cuartú ardáin agus seans le €2,000 a thabhairt ‘na bhaile libh – chomh maith le bhur gceol a bheith seinnte ar an raidió? Tá Dorn San Aer i gcomhar le Raidió na Gaeltachta leis an tseans sin a thabhairt daoibh.
Comórtas ceoil ardáin é seo atá foscailte do ghrúpaí agus do cheoltóirí nuálacha a bhfuil rud éigin le rá acu. Agus tá duaiseanna móra le baint:
An chéad áit: €2,000
An dara háit: €500
An tríú háit: €300
An sibh an chéad Kíla, IMLÉ nó Kneecap eile? Nó ar mhian libh rud éigin iomlán nua a dhéanamh? Seo bhur seans – tá an t-ardán réidh agus tá muid ag súil go mór le sibh a chluinstin!
Le cur isteach ar Chath na mBannaí líon isteach an fhoirm seo thíos (tá sé saor in aisce le clárú) agus beidh muid i dteagmháil libh go luath…
