I bhfocail Rónáin féin: "Is Gaeil sinne. Tá muid dáiríre fánár dteanga agus ár gcultúr a chaomhnú agus a choinneáil beo ach tá muid tugtha de phléisiúir an tsaoil fosta. Is maith linn ceiliúradh a dhéanamh ar ár nGaelachas chomh minic agus is féidir. Níl a dhath cosúil leis an mhothú a bhíonn ann nuair a bhíonn scaifte Gaeilge le chéile, ag ceol, is ag damhsa, is ag cur ár ngrá in iúl dá chéile.
Bliain is fiche ó shin, bhunaigh mé féin agus cairde liom an Ciorcal Craiceáilte le ceol agus siamsaíocht a chur ar fáil i nGaeilge agus le saol sóisialta d’ardchaighdeán a chur ar fáil do Ghaeil óga sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht. Bhunaigh muid club sóisialta uair sa tseachtain i mBaile Átha Cliath i 1993 agus d’eagraigh muid Féilte Craiceáilte i Ráth Chairn, Contae na Mí, ar an Spidéal i gConamara, Oileán Thoraigh agus Gaoth Dobhair.
Le seacht mbliana anuas, tá Cabaret Craiceáilte againn uair sa mhí Tigh Hiúdaí i nGaoth Dobhair agus téann muid ag taisteal leis chuig féilte éagsúla ar fud na tíre fosta, féilte cosúil le Electric Picnic, Oireachtas na Gaeilge, Scoil Mhic Reachtain i mBéal Feirste, Oireachtas Cois Fharraige agus go leor eile.
Cuireann an Chabaret Craiceáilte ardán ar fáil do cheoltóirí úra na Gaeilge agus ceoltóirí seanbhunaithe na Gaeilge. Bíonn béim ar cheol nua-aimseartha, rac-cheol, ceol leictreonach, rap, reggae, ska, a leithéid sin, ach bíonn na grúpaí traidisiúnta is fearr agus na hamhránaithe agus damhsóirí sean-nóis is fearr againn fosta, chomh maith le ceol i dteangacha eile as tíortha eile. Cuireann grúpaí, a chanann i mBéarla de ghnáth, seit iomlán le chéile i nGaeilge le deis a fháil seinm ag an Chabaret fosta.
Spreagann muid grúpaí agus ceoltóirí úra Gaeilge fosta agus cuireann muid ardán ar fáil daofa ag an Chabaret i nGaoth Dobhair agus ag na féilte éagsúla a théann muid acu. Eagraítear níos mó nó fiche Cabaret Craiceáilte in aghaidh na bliana agus bíonn thart ar chúig nó sé ghrúpa ag seinm ag achan uile Chabaret. Tá achan rud eagraithe ar bhun deonach agus ansin íoctar na ceoltóirí agus duine ar bith eile a bhíonn ag plé leis go gairmiúil.
Sé an phríomhaidhm a bhí agamsa nuair a thoisigh an rud uilig amach i 1993, agus atá agam go fóill, nó go mbeadh tionscail láidir ceoil Gaeilge ann, go mbeadh grúpaí úra ag teacht chun tosaigh, ag cumadh ceol úr ag cur ceirníní amach, ceirníní Gaeilge amach, agus go mbeadh áiteacha acu, le hardán a chur ar fáil daofa, agus go mbeadh siad ábalta a gcuid ceoil a sheinm i nGaoth Dobhair agus áiteacha eile ar fud na tíre.
Creidim gur chóir go mbeadh féile nó dhó dár gcuid féin againn a léiríonn an ghluaiseacht úr atá ag teacht chun tosaigh: Réabhlóid Cheoil na Gaeilge, réabhlóid atá níos óige agus dalba ina dhearcadh. Creidim gur chóir lipéid ceirníní nó dhó a bheith ann, go mbeadh áisíneacht ceoil ann agus go mbeadh Racadamh na Gaeilge ann, sé sin, acadamh ceoil do cheoltóirí óga a bhfuil suim acu sa Ghaeilge le hiad a oiliúint le bheith ina sárcheoltóirí agus cumadóirí amhráin agus réaltaí ilmheáin agus idirlín. Creidim go láidir go dtabharfadh a leithéid d’fhiontar an spreagadh agus an mhuinín don ghlúin atá ag teacht chun tosaigh leis an Ghaeilge a úsáid ina gcuid ceoil agus saothair eile.
Tógann sé mo chroí go bhfuil oiread grúpaí ceoil úr agus ceoltóirí úra ag teacht chun tosaigh mar chuid de réabhlóid an cheoil; leithéidí Boss Sound Manifesto, Tuath, Emma Ní Fhuaruisce, Shane Hennessy, Enda O’Reilly, Mo Hat Mo Gheansaí, Blunderbrau, Scannal, Rís. Dirty Nines, tá ceol úr ar fáil i nGaeilge, tá amhráin úra á gcumadh agus tá daoine ar fud an domhain ag éisteacht leis na hamhráin úra agus ag santú níos mó.
Chan amháin sin, tá Seo Linn agus Coláiste Lurgain, TG Lurgain, tréis físeáin agus popcheol i nGaeilge a thabhairt go dtí leibhéal eile, ag mealladh na milliúin chun éisteacht le leaganacha Gaeilge de amhráin mhóra as na cairteacha.
Domhsa thoisigh sé amach le Clannad agus Scara Brae sna 70óidí agus iad ag cur cuma úr nua-aimseartha ar na sean-amhráin traidisiúnta as Gaeltacht Thír Chonaill agus ansin chuala mé leithéidí Tŷ Bach agus Barry Ronan agus na Fíréin agus a leithéidí sin sna 80óidí agus fuair mé blaiseadh den cheol, den réabhlóid cheoil, a bhí ag gabháil ar aghaidh ins an Bhreatain Bheag nuair a bhí mé ag an Eisteddfod sna h80óidí fosta, agus na rudaí sin uilig, spreag siad go mór mé.
Ansin bhog mé go Baile Átha Cliath, chuir mé aithne ar Kíla, a bhí ag cruthú stíl ceoil úr a bhí fréamhaithe sa traidisiún, gan trácht ar Bréag as Gaeltacht Bhéal Feirste atá beo leo go fóill agus atá ar cheann de na grúpaí ceoil beo is fearr a fheiceas tú a choíche.
Ar an drochuair, ní chluinfidh tú mórán de na ceoltóirí atá luaite agam ar na stáisiúin raidió náisiúnta nó tráchtála eile sa tír ach cluinfidh tú iad ar stáisiúin náisiúnta na nGael, Raidió na Gaeltachta, cluinfidh tú iad ar Raidió Fáilte agus ar Raidió na Life. Tá rudaí móra ag tarlú ar fud na tíre, abair tá Puball na Gaeilge thíos ag an Electric Picnic achan bhliain, tá an G-Spota i mBéal Feirste agus i nGaillimh anois, tá club úr i mBaile Átha Cliath, Club Fonn, tá siad ag bunadh club úr i gCorcaigh.
Gluaiseacht atá ann seo atá ag gabháil ó neart go neart ar fud na tíre - cha dtig muid a stopadh anois.
So, ar aghaidh linn le chéile ar bhóthar na réabhlóide!
Dorn San Aer do na Gaeil!"Rónán Mac Aodha Bhuí in agallamh le Ceangal-G, 2024
"Ní thiocfadh linn é seo a dhéanamh gan fear amháin, cara mór linn, a thug an chéad gig ariamh dúinn i dteach Hiúdaí Beag, Rónán Mac Aodha Bhuí ... an chéad duine a chreid go mbeadh muid ábalta gig a dhéanamh!"
– Kneecap
"I mbeagán focal, ba laoch i measc na nGael é."
– An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn
"Ní hé amháin gur duine speisialta a bhí i Rónán Mac Aodha Bhuí ach, ina chuideachta, d’aireofá féin speisialta."
– Áine Ní Bhreisleáin
"Bhí Rónán dána, lán diabhlaíochta ar an aer, ag lúbadh na rialacha agus ag cothú craic de shíor ... bhí muid uilig sexyáilte ag Rónán."
– Darach Ó Scolaí