Cé muid féin agus caidé atá fúinn?

Is mian linne, cairde, teaghlach agus pobal Rónáin Mhic Aodha Bhuí, comóradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar ár gcara - an phearsa ógánta, rógánta agus eiseamláireach a sciobadh uainn i bhfad róluath i bhFómhar 2023. Is mian linn an réabhlóid teanga a bhunaigh Rónán a cheiliúradh agus a choinneáil beo bríomhar le féile úrnua bhliantúil deireadh seachtaine, agus fáilte is céad a chur roimh Ghaeil as gach cearn go Gaoth Dobhair.

Le linn na féile Dorn san Aer, is mian linn cur leis an obair a rinne Rónán, agus ardán spreagúil, nuálach agus gairmiúil a chur ar fáil d’ealaíontóirí na Gaeilge agus tacú leo ar achan dóigh. Ceiliúradh a dhéanamh ar theanga agus ar cheol na nGael!

Tá an fhéile Dorn San Aer ainmnithe as an gháir agus as an rosc misnigh sin a scairt Rónán amach in ard a chinn agus a ghutha go mion minic le Gaeil ar fud na cruinne a spreagadh. Thug Rónán ardán ceoil agus dóchais d’ealaíontóirí agus d’oirfidigh úra Gaeilge lena Chabaret Craiceáilte gach mí. Chuir sé brí agus fuinneamh i ndaoine de gach aois le fonn agus le fáilte.

Tá bród agus lúcháir as cuimse orainne an síol sin a chuir Rónán a choinneáil faoi bhláth, chomh maith is a thig linn. Díreach mar a rinne Rónán i gcónaí, féile í seo a chuirfidh fáilte roimh chách, roimh gach cineál ceoil agus ealaíne - a fhad is gur den dúchas é. Díreach mar a ba mhian leis féin, bhéarfar aire ar leith do mhionlaigh teanga agus cine, agus go háirid daofa siúd atá faoi bhagairt. Cuimhneoimid ar an nasc láidir sin a chruthaigh Rónán idir na ceantair Ghaeltachta agus na críocha gafa uile. Cinnteoimid nach scaoilfear go deo an ceangal dílis, daingean sin.

Fear teaghlaigh a bhí i Rónán, athair agus céile grámhar do Bhernie agus d’Fhionnuala. Mhol sé an óige i gcónaí! Mar is dual, cuirfear béim ar leith san fhéile seo ar imeachtaí teaghlaigh.

Cuireadh chun cairdis atá san fhéile - cairde úra agus seanchairde, cuireadh chun damhsa, cuireadh chun ceoil - ach thar rud ar bith, comóradh agus cuimhne ar an Ghile Mear s’againne, an stócach breá den tsliocht s’againne - sliocht na nGael.

Dorn san aer do na Gaeil!

Cén áit a mbeidh an fhéile?

Lóistín

>

An dtig liom cuidiú?

Ba mhór linn do chuidiú agus fáiltíonn muid roimh dhuine ar bith atá sásta tacú linn ar bhealach ar bith. Más mian leat cuidiú, cuir ríomhphost chugainn anseo le do thoil.

Urraitheoirí na Féile