Bernadette McAliskey 19.30 - 20.00 Amharclann Ghaoth Dobhair
Tabharfaidh ár n-aoi speisialta, an gníomhaí cearta sibhialta Bernadette McAliskey, caint spreagúil le tús a chur leis an chéad fhéile seo in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí.
Emma Ní Fhíoruisce 20.00 - 20.30 Amharclann Ghaoth Dobhair
Fonnadóir caoin na féile
Eve Belle 20.30 - 21.00 Amharclann Ghaoth Dobhair
lon dubh an lionn dubh
Club na féile: DJ-áil le Seán Ó Cuireáin 21.00 - 00.30 Forhalla na hAmharclainne
Beidh seans againn é a thógáil go breá bog le fuaimeanna réchúiseacha ó Sheán Ó Cuireáin i gClub na Féile
Kila4 21.15 - 22.00 Amharclann Ghaoth Dobhair
"Ceann de na heachtraí ceoil beo is meidhréisí riamh" - BBC World Review
Tá na Bleá Cliathaigh, Kíla, chun cinn ó thaobh an gcomhnascadh ceoil ó thosaigh siad i 1987, cúig bhliain is tríocha ó shin. Tá a gceol chomh ilchineálach sin gur sheinn siad ag féilte Snagcheoil, Rac-cheoil, Ceol-Gelach agus Ceol Domhanda i 35 tír ar 5 mhór-roinn; Tá 20 dlúthdhiosca eisithe acu, chomhchum siad ceolrian do 3 scannán beochana a ainmníodh le haghaidh Oscar agus chum siad ceolrian do scannáin agus na cláir faisnéise a ainmníodh le haghigh Emmy, agus a ghnóthaigh IFTA agus gradm Greison.
Huartan 22.15 - 23.00 Amharclann Ghaoth Dobhair
Ceol tradtronica ina mbaintear úsáid as gnéithe an cheoil thraidisiúnta agus an cheoil damhsa. Is as Béal Feirste, Caisleán Uidhilín, agus Gaoth Dobhair don triúr cheolmhar a d’úsáid ainm an tí tábhairne inar bhuail siad in 2022 (‘The Hawthorn Bar’ i mBéal Feirste) lena n-ainmniú – is focal Oghaim é Huartan ar sceach gheal. Bhain siad úsáid as pianóchairdín agus feadóga móra chomh maith le feisteas Págánach ina seónna in 2023 chun domhan draíochtúil claochlaitheach a chur i láthair don lucht féachana.
Boss Sound Manifesto 23.30 - 00.30 Teach Hiúdaí Beag
Is banna reggae agus ska iad Boss Sound Manifesto atá lonnaithe i mBéal Feirste. Tá tionchar mór ag an luath-reggae, an ska, an 2-tón agus ceol Sól orthu. Ceol bríomhar spreagúil a sheinneann siad a thógann croí agus anam. Tá 3 albam eisithe acu‚ In it for the good times (2014), Boss (2021) agus Saoiste (2023). Bhain Boss ska-albam na bliana i 2021.
Maidin Sathairn
Siamsaíocht do pháistí óga 10.30 - 17.00 Páirc Spraoi
Tuairtcharranna, sleamhnán, Boghdóireacht, gairdín na gCéadfach, bádaí, rothaíochta, áit bhogshúgartha
Macalla FM 10.30 - 18.00 An Cultúrlann
Éist siar le cláranna Rónáin
Staininí Bí 10.30 - 22.00 Neam Neam
Bia blasta le fáil ag na staininí bí agus sa bhialann
Aonach Ceardaíochta 10.30 - 18.00 Cúl a Tí
Aonach ceardaíochta agus earraí, stainíní agus siúl ealaíona
Péinteáil Aghaidheanna 10.30 - 13.00 An Fháiltiú
Péinteái aghaidheanna
Preab sa Cheol 11.00 - 12.00 Géill Slí
Ceolchoirm le Doimnic Mac Giolla Bhríde (2-8bl.)
Cairióce Craiceáilte 12.00 - 13.00 Géill Slí
Ná cailligí Karaoke Craiceáilte na Gaeilge d'óg agus d'aosta le Seán Ó Muireagáin agus Suzanne Ní Ghallchóir.
I ndiadh am lón dé Sathairn
Ceol leis an Crann Óg 12.30 - 14.30 Coirneál an Cheoil
Grúpa déagóirí as Gaoth Dobhair a bhíonn ag seinm ceol traidisiúnta & ag canadh amhráin bhreátha i nGaeilge. Faoi stiúir Caitlín Uí Dhuibhir & a tháinig fríd Scoil na Crannóige.
Macalla FM 10.30 - 18.00 An Cultúrlann
Éist siar le cláranna Rónáin
Ceoltóirí Thoraí 13.00 - 14.00 Géill Slí
Ceol bríomhar ó Cheoltóirí Thoraigh, cairde mór le Rónán Mac Aodha Bhuí.
Máistir Rang "Ableton Live" le Robert Ó Maolchiaráin 12.30 - 13.15 An Seomra Glas
Cén dóigh le do chloigeann a fháil thart air agus leis an chuid is fearr a fháil ón bhogearra chumhachtach seo. Míneoidh Robert cén dóigh le Ableton Live a úsáid le ceol a chruthú agus a mheascadh agus cén dóigh leis an chuid is fearr a fháil ón bhogearraí. Beidh an rang seo úsáideach do dhaoine atá ag úsáid Ableton don chéad uair agus do dhaoine ar mhaith leo leidí maithe a fháil faoin bhogearra.
Ceardlann ealaíona do pháistí 13.00 - 14.15 Seomra Ealaíne
Beidh péinteáil aghaidheanna ann agus ceardlann ealaíona do pháistí le Caren Blaney.
Ceol ar an Loch le Brian Danny Minnie 14.00 - 15.00 Bád "An Gráinne Rose"
Tabharfaidh an sár-cheoltóir sean-nóis Brian Danny Minnie ar thuras ceoil muid. (Caithfear áit a chur in áireamh roimh ré don dá thuras seo mar go bhfuil na huimhreacha teoranta).
Aíonna Speisialta 14.00 - mall Céilí Kitchen
An Céilí Kitchen 2pm go dtí go mall Dé Sath Ionad Cois Locha Áit na ndaoine dalba! Cuirfidh Rónán Ó Muirgheasa An Céilí Kitchen ar fáil ar feadh an lae d’imeachtaí neamhghnách, ailtéarnacha agus déanfaidh Brendy Loughan an stáitse beag seo a líonadh le ceoltóirí. Ní bheadh a fhios agat caidé bheadh romhat anseo sa Chéilí Kitchen - áit ar leith agus ‘Ionad buail isteach’ don teaghlach craiceáilte. Má tá uirlis ceoil leat buail isteach agus beidh fáilte theasaí romhat!
Péinteáil Aghaidheanna / Henna 14.00 - 18.00 An Fháiltiú
Péinteáil Aghaidheanna / Henna
Filíocht Os Ard 14.00 - 14.30 Géill Slí
Ag Filíocht OS ARD cluinfidh muid toradh na gceardlanna filíochta agus rogha d'fhilí an cheantair ag aithris filíocht a chuirfeas meon agus spiorad Rónáin inár gceann.
Máistir Rang le Marcus agus Naoise Mac Conghail 13.30 - 14.15 An Seomra Glas
An mbíonn tú ag scríobh amhráin nó ar mhaith leat foghlaim cén dóigh le hamhrán a scríobh? Brisfidh Marcus agus Naoise fríd go leor den mhiotas a bhaineann leis an cheird le leidí úsáideacha a chuideoidh leat amhráin a scríobh agus tabhairt faoi na chéad chéimeanna sa phróiseas.
Ceardlann teicneolaíochta do pháistí 14.30 - 15.30 Seomra Ealaíne
Ceardlann spraíúil ríomhaireachta do pháistí bunscoile i gcomhair le hOllscoil na Gaillimhe. Bainfear úsáid as micriríomhairí ar nós an Raspberry Pi agus an BBC Micro:bit, atá deartha go speisialta do pháistí. Gheobhfar blaiseadh ar chódú, ar ríomheolaíocht agus ar eolaíocht mar chuid den tseisiún seo. Cuirfear béim ar rudaí fisiceach a chruthú agus a ríomhchlárú ar nós róbait agus gléasanna cliste.
Steipeáil Amach le Caitlín Joe Jeaic 14.30 - 15.00 Géill Slí
Beidh seans ansin steipeáil amach ar an urlár agus cúpla céim a fhoghlaim ó Chaitlín Joe Jeaic le ceol ón Chrann Óg.
An Piobaire Ciarán Mac Fheidhlimidh 15.00 - 16.00 Géill Slí
Beidh an píobaire súgach Ciarán Mac Fheidhlimidh linn ansin le muid a mhealladh lena cheol.
Muinchillí 15.00 - 15.30 Cath na mBannaí
Tarlach Mac Aoidh agus a chara
Mairéad Ní Mhaonaigh agus Nia Ní Bheirne 15.30 - 16.30 Bád "An Gráinne Rose"
beidh deis a dhul amach ar an loch le héisteacht le Mairéad Ní Mhaonaigh agus a iníon Nia d'eispéaras faoi leith. (Caithfear áit a chur in áireamh roimh ré don dá thuras seo mar go bhfuil na huimhreacha teoranta).
Nollaig 15.30 - 16.00 Cath na mBannaí
Noeleen Ní Cholla (ag ceol), Isabel Ní Chuireáin (méarchlár, giotár agus bocsa ceoil).
Na Stands 16.00 - 16.30 Cath na mBannaí
5 bhall: Ella (ceol); Oisín (drumaí); Danny-Jack (giotár); Paddy-John (giotár), Joseph (dord).
Conor Ó Gallchóir 15.45 - 16.15 Géill Slí
Cuirfidh Conor Ó Gallchóir as a Choiteann meascán de cheol nuachumtha os ár gcomhair.
Veridian 16.30 - 17.00 Cath na mBannaí
Veridian
Cór ón Úcráin 16.15 - 17.00 Géill Slí
Cluinfidh muid ceol ón Úcráin ansin ó Ghlór na hÚcráine, cór de phobal na hÚcráine atá sa cheantar
Ceardlann Ceoil do Chór Dhorn San Aer 17.00 - 18.00 Seomra Ealaíne
Ar mhaith leat ceol ar an phríomhstáitse i gCór Dhorn San Aer? Tabharfaidh Doimnic Mac Giolla Bhríde ceardlann speisialta ceoil agus réiteoidh sé cór úr spontáineach Dhorn San Aer don ardán. Bígí ina theannta ar an phríomhstáitse!
Earthmover 17.00 - 17.30 Cath na mBannaí
5 bhall: Fiachra Mac Roibin (dord), Jak Ó Fógartaigh (giotár agus ag canadh), Oscar Ó Siochrú (giotár, fidil, trumpa agus ag canadh), Harry Ó Loinsigh (drumaí), Eoghan Dunne (méarchlár).
Elephant Brothers 17.15 - 17.45 Géill Slí
Beirt dheartháir as an Pholainn, The Elephant Brothers.
Little Kings 17.30 - 18.00 Cath na mBannaí
Ryan Harling (giotár agus ag ceol), Sorcha Ní Chearúlláin (Fidil agus ag ceol), Emmet McIntyre (bodhrán).
Tráthnóna dé Sathairn
Diane & Na Clubmen 18.00 - 18.45 Príomhstáitse Dorn San Aer
Ceol tíre le Diane Ní Chanainn & na Clubmen
Spásas 19.00 - 19.30 Príomhstáitse Dorn San Aer
Ceol spásach fileata le Spásas.
Cór Dhorn San Aer 19.30 - 19.45 Príomhstáitse Dorn San Aer
Cór Dhorn San Aer
Cigire na bPuntaí 19.45 - 20.15 Príomhstáitse Dorn San Aer
Ceol fiáin nua-aoiseach.
Súil Amháin 20.30 - 21.00 Príomhstáitse Dorn San Aer
Rapáil fuinniúil leis an bheirt fhonnadóirí fhoclacha Séamus agus Oisín ó Súil Amháin.
Buaiteoir Cath na mBannaí 21.00 - 21.15 Príomhstáitse Dorn San Aer
Buaiteoir Cath na mBannaí
IMLÉ 21.15 - 22.00 Príomhstáitse Dorn San Aer
Comharghrúpa is ea IMLÉ de cheoltóirí éagsúla atá faoi stiúir an ceoltóir agus an léiritheoir ceoil Cian Mac Cárthaigh. Meascann IMLÉ stíleanna éagsúla ceoil ar bhealach nach bhfuil cloiste riamh cheana i saol ceoil na Gaeilge. Tá dhá albam eisithe acu go dtí seo, d'eisigh siad a gcéad albam 'IMLÉ' sa bhliain 2016 agus a dara halbam FÁILTE ISTEACH i 2022. Ba é Karl Odlum, léiritheoir fadtéarmach de chuid IMLÉ a léirigh an dá albam úd. Is iad an rapálaí Hip-Hop as Baile Átha Cliath James Shannon agus an t-amhránaí cumasach as Conamara Róisín Seoighe príomhamhránaithe IMLÉ a bheidh ar stáiste ag an bhféile in éinteacht le Cian Mac Cárthaigh agus Neil Ó Briain ar ghiotár.
Grooveline 22.15 - 23.00 Príomhstáitse Dorn San Aer
Ag críochnú suas leis an líne funcaíáilte Grooveline.
Bréag 23.00 - 00.30 Teach Hiúdaí Beag
Thig linn rudaí a thógáil go bog agus go te ag na déithe reggae - Bréag.
Club na Féile 23.00 - 1.00 Ionad Cois Locha
Beidh seans againn é a thógáil go breá bog le fuaimeanna réchúiseacha ó Sheán Ó Cuireáin i gClub na Féile.
Scannán Kneecap 14.00 - 16.00 Amharclann Ghaoth Dobhair
Nuair a chasann an múinteoir scoile JJ le Naoise agus Liam, dríodair na sráide, mar a thugann siad orthu féin, titeann rudaí amach a chuireann tús le grúpa hip hap nach bhfuil a chosúlacht le fáil ar an tsaol. Agus iad ag rapáil ina dteanga dhúchais, tosaíonn siad gluaiseacht lena dteanga agus iad féin a shábháil. (os cionn 16bl amháin)
Michael McCaughan 17.00 - 18.30 Teach Hiúdaí Beag
Seó punc aonair le Michael McCaughan. La Habana 1958 ... tosóimid i gcasino i lár Habana agus rachaimid ar chamchuairt ar stair na réabhlóide le Fidel Castro agus na compañeros sa Sierra Maestra, ag tabhairt a dhúshlán don deachtóir Batista agus a chuid úinéirí i Washington DC. Bunaithe ar scéalta ó stair Chúbach agus sleachta ó dhialann phearsanta Mhichael. Beidh deis i ndiaidh an seó do cheisteanna agus do phlé.
Súp an Domhnaigh 18.30 - 20.00 Teach Hiúdaí Beag
Buailigí isteach go Teach Hiúdaí tráthnóna Dé Domh áit a gcuirfidh Aodán Ó Cearúil ceann ar Súp an Domhnaigh, ag cur thart an Bíobla, Abair Amhrán, agus ag ceol an tsoiscéil Ghaelaigh.
Róisín Chambers 20.00 - 20.30 Amharclann Ghaoth Dobhair
Féasta ceoil le Róisín Chambers. Is as Baile Átha Cliath í agus is amhránaí agus ceoltóir den scoth í.
John Spillane 20.45 - 21.30 Amharclann Ghaoth Dobhair
An spealaire fánach John Spillane
Eoghan Ó Ceannabháin 21.45 - 22.30 Amharclann Ghaoth Dobhair
ceoltóir na bliana Eoghan Ó Ceannabháin
Na Fíréin 22.45 - 23.30 Amharclann Ghaoth Dobhair
Fondúirí an rac Ghaelaigh
Club na Féile 23.30 - 00.30 Amharclann Ghaoth Dobhair
Club na Féile

Urraitheoirí na Féile